Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí
Cuimsíonn Rannán an Chúram don Bhailiúchán & na Seirbhísí Poiblí roinnt rannóg, lena n-áirítear Seirbhísí Poiblí, Seirbhísí Caomhantais agus Taisclann na nÁbhar Cartlainne agus Bainistíocht Dhigiteach.
Seirbhísí Poiblí
Tá freagracht ar rannóg na Seirbhísí Poiblí i ndáil le seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do thaighdeoirí agus d’úsáideoirí ábhar cartlainne. Áiríonn an obair sin maoirseacht a dhéanamh sa Seomra Léitheoireachta, riaradh an láithreáin gréasáin agus na gcuntas meán sóisialta, agus freagra a thabhairt ar fhiosruithe ó dhaoine den phobal maidir lenár gcuid sealúchas.
Ina theannta sin, tá freagracht ar an rannán i ndáil le riaradh a dhéanamh ar iarrataí ar chóipeanna d’ábhair chartlainne, formhaoirseacht a dhéanamh ar chóras na Réamhorduithe, cuairteanna ó ghrúpaí agus léachtaí a éascú, cúnamh a thabhairt do na meáin maidir le hiarrataí ar scannánú nó grianghraif de thaifid, déileáil le hiarrataí ar imréiteach cóipchirt, formhaoirseacht a dhéanamh ar riaradh Na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta (Táillí) 2012, agus riaradh a dhéanamh ar an tseirbhís ghairmiúil chomhairleach ghinealais.
Tá ról lárnach ag an rannóg i dtaca le gníomhaíochtaí cianrochtana trí léachtaí faoi obair na Cartlainne Náisiúnta a thabhairt do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar sin agus trí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Cartlainne Náisiúnta ag imeachtaí éagsúla a bhaineann le cúrsaí cartlainne agus ginealais.
Ceann an Rannáin: Tom Quinlan, Coimeádaí.
Ceann na Rannóige: Brian Donnelly, Cartlannaí Sinsearach.
Teagmháil: [email protected]
Seirbhísí Caomhantais
Tá ról lárnach ag Seirbhísí Caomhantais i dtaca le buanchaomhnú na n-ábhar cartlainne atá faoinár gcúram a áirithiú. Oibríonn an rannóg go dlúth le comhghleacaithe chun bailiúcháin atá damáistithe a shainaithint, agus an damáiste sin a mheas, agus chun an obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh, nuair is gá sin. Ní mór don tseirbhís chaomhantais na bailiúcháin go léir a roghnaítear le haghaidh caomhantais a mheas chun a chinntiú gur féidir an íomhá is fearr cáilíochta a ghabháil. Ní mór an t-ábhar nua-aistrithe ar fad a mheas freisin chun a chinntiú nach ligtear aon ábhair chartlainne éillithe isteach sna saoráidí stórála.
Tá ról fíorthábhachtach ag caomhnóirí maidir le hoiliúint leanúnach a sholáthar do chomhghleacaithe agus do ranna rialtais maidir le láimhseáil agus úsáid cheart ábhar cartlainne d’fhonn a laghad damáiste agus is féidir a dhéanamh. Áiríonn sé sin teagasc maidir le húsáid a bhaint as ábhar stórála ardchaighdeáin cartlainne agus maidir leis na modhanna cearta i dtaca le hábhair chartlainne a chur i mboscaí.
Ceann an Rannáin: Tom Quinlan, Coimeádaí.
Ceann na Rannóige: Zoe Reid, Caomhnóir Sinsearach.
Teagmháil: [email protected]
Taisclann Ábhar Cartlainne & Bainistíocht Ábhar Digiteach
Tá freagracht ar réimse na Taisclainne Ábhar Cartlainne agus na Bainistíochta Ábhar Digiteach i ndáil le bainistiú a dhéanamh ar stóráil na n-ábhar cartlainne go léir atá ann sa Chartlann Náisiúnta. Baineann an obair le bainistiú a dhéanamh ar ábhair chartlainne a chur ar fáil sa Seomra Léitheoireachta, agus iad a thabhairt chun bealaigh uaidh, á chinntiú go ndéantar na hábhair chartlainne a stóráil go daingean faoi na dálaí is fearr agus is féidir agus á chinntiú go gcoimeádtar sonraí cruinne chun na hábhair chartlainne atá faoinár gcúram a rianú agus a aimsiú. Ina theannta sin, tá freagracht ar an rannóg i ndáil le cóipeanna de dhoiciméid a sholáthar do dhaoine den phobal, lena n-áirítear cóipeanna deimhnithe, ceadúnú, cóipcheart agus cead maidir le foilsiú. Mar chuid den obair, téann an rannóg i mbun tionscadail digitiúcháin agus tá ról an-tábhachtach aici maidir le leathnú leantach na mbailiúchán digitithe atá ar fáil ar líne.
Oibríonn an Taisclann Ábhar Cartlainne agus Bainistíocht Ábhar Digiteach go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir le spás stórála agus cóireála ábhar cartlainne a sholáthar don Chartlann Náisiúnta agus is é an pointe teagmhála é le haghaidh Thionscadal na Taisclainne Ábhar Cartlainne atá ar siúl faoi láthair, ar tionscadal é atá dírithe ar chóiríocht a chur ar fáil ar Shráid an Easpaig de réir caighdeáin chartlannaíochta nua-aoiseacha.
Ceann an Rannáin: Tom Quinlan, Coimeádaí
Ceann na Rannóige: Hazel Menton, Cartlannaí Sinsearach
Mionsonraí teagmhála: [email protected]